Discover Primary Science

Profiles

Conas a déirigh linn an "Gradam Eolaíochta" a bhaint amach i
Gaelscoil Mhic Amhlaigh, Cnoc na Cathrach, Gaillimh

Roineann páistí rang a 6 a dtaithí linn.

Photograph of pupils displaying their Science equipment

Céim 1
Rinneamar roinnt droichid as paipéar agus thriaileamar meacháin éagsúla orthu le feiceáil cén dearadh a thóg an meacháin is mó. Tríd an paipéar a fhilleadh agus stua a dhéanamh thugamar faoi deara go scáipeann an meachán agus gurb í seo an cruth is fearr chun an meachán is troime a thógáil. Chomh maith le sin dheineamar títhe soilse.Corr uair theip orainn iad a chur ag obair agus béigean dúinn na sreanganna a athrú timpeall.Tharla an rud ceanna céanna leis an quiz leictreach ach arís ag an deireadh d'oibrigh chuile rud amach.

Céim 2 - Cuairteoir chuig an scoil/turas chuig Lárionad Fionnachtain.
Thug rang 2 cuairt ar an Atlantaquria i mBóthar na Trá,Gaillimh. Fuair siadsan an deis portáin agus go leor crosóga mhara a laimhseáil. Le linn Seachtain Eolaíochta 2004 thug Lee Gibbs agus a FHEITHIDÍ cuairt ar an scoil! "The Bug Show" an t ainm a bhí ar an seó seo. D'éirigh le na páistí go leor feithidí ar nós mílechosach agus ciaróga dhubha a lámhseáil.D'fhoghlaim na páistí an t-uafás faoina ngáthóga agus araile.Tháinig aoíchainteoirí éagsúla ar cuairt chuig an scoil chun labhairt leis na páistí faoina a slíthe bheatha m.sh innealtóir, poitigéir, banaltra.

Céim 3
D'eagraíomar "Lá Oscailte " ag an scoil i gcomhair na páistí agus tuismitheoirí. Bhí páistí rang 5 agus 6 ina a mbeirteanna ag taispeáint turganamh éagsúla do na cuairteoirí. D'éirigh thar cionn leis an lá.Bhain chuile dhuine idir páistí tuismitheoirí agus múinteoirí an taitneamh as. Chomh mhaith le sin d'éirigh leis na "saineolaithe eolaíochta" a gcuid scileanna eolaíochta a leiriú.

Photograph of pupils displaying their K'nex work

Céim 4
Mar a luamar cheanna féin tháinig innealtóir ar cuairt chug na scoile agus dhein sé an "K'nex Challenge" leis na páistí. D'oibrigh páistí rang 5 agus 6 ina ngrupaí de triúr. B'éigéan dóibh 'spacebuggy"a bhí in ann ualach 500g a iompar a dhearadh. D'éirigh le beirt acu dul ar aghaidh chuig craobh Naisiúnta na hÉireann sa Helix i mB.Á.C. Sa rang rinneamar roinnt tuargnamh dár gcuid féin ó leabhra éagsúla, m.sh Bolcáin Finigéar. Bhaineamar an taitneamh as ábhair éagsúla a mheascadh agus substains (a bhreathnaigh ar nós laibhe ag sileadh thar bolcáin)a chruthú. D'éirigh linn an Bhrat Glas a fháil don scoil i mí Aibreáin 2004.

Photograph of pupils creating their K'nex work

Spreagúil- Encouraging/Inspiring
Spraiúil-fun
Oideachasúil-educational
Iontach-brilliant
Cruthaitheach-creative
Taitneamhach-enjoyable
Úsáideach-useful
Spéisiúil-interesting
Praiticiúil-Practical
Thar cionn-superb
Suimiúil-interesting

Cad a cheap ár múinteoir Michelle Ní Ghormáin ...

Bheartaíomar ag cruinniú fóirne i Meán Fómhair gur bhreá linn ar fad níos mó turgnaimh a thriail sa rang le linn ár gceachtanna eolaíochta.Bhíomar ag iarraidh tabhairt faoi turgnaimh ina a mbeadh an pháiste láirneach agus a mbainfeadh chuile dhuine taitneamh agus tairbhe astu. Dá bhrí sin chláraigh mé an scoil chun páirt a ghlacadh sa D.S.P. D'fhreastal mé ar lá thraenála agus fuair mé an deis thart ar tríocha turgnaimh a thriail.

Fuaireamar leabhrán ina raibh na turgnaimh ar fad leagaithe amach go fíor soiléar ann. Bhí siad deighilte suas ina gceithre cuid i.e cuid Curaclam,Cré umha,Airgead agus Óir (ag éirí níos dúshlánaí de reir an dath). B'éigean dúinn trí chinn curaclam agus trí chinn eile dár rogha féin a dhéanamh lén ár rang. Rud amaháin a chabhraigh go mór linn go léir ná an chaoi a raibh an leabhar leagaithe amach. Thug sé liosta dúinn de chuile rud a bhí ag teastáil agus an t-eolas cúlra ag leiriú cén fáth ar tharla chuile rud mar a tharla sé.

Thug ár bpríomhoide Dairíona Nic an Iomaire an tacaíocht go deo dúinn tríd airgead, foinsí agus acmhainní a chur ar fáil. Chabhraigh sí go mór linn ar fad an Lá Oscailte a eagrú freisin. Thugamar faoi deara go raibh an oiread sin comhthathú sa chlár m.sh bhí sé comhthaithe le O.S.P.S (scileanna soisialta/ag comhoibriú i ngrupaí, ealaín agus forbairt teanga/language development). Dár ndóigh chabhraigh an tacaíocht a fuair mé ó mo comhghleacaí go mór liom.Murach an tacaíocht uathu agus ó Dairíona bheadh an tionscnamh ar fad dódheanta.

Ghlac cuid de na bun,mean agus ardranganna páirt agus athchóirigh siad na turgnaimh de réir cumais agus leibhéal a ranganna féin. Mar chuid dár tionóil féin anois déanaimid taispeántas gach ré seachtain le roinnt de na turgnaimh san áireamh. Cheapamar uilig gur chlár den scoth é an D.S.P a thug múinín dúinn ar fad idir scoláir.

Ms O' Gorman

Link to Top of PageLink to Top of Page